Eolas i gcomhair gnólachtaí
An bhfuil tú ag obair do chuideachta atá ag iarraidh obair i gcomhar le Buachaill?
An dóigh leat go bhfuil rud éigin faoi leith agat ar féidir a thairiscint chun fobhrístí Bhuachaill agus an bealach a cheannaíonn daoine na fobhrístí a fheabhsú?
Más ea, léigh anois go cúramach an fhaisnéis seo a leanas sula ndéanann tú teagmháil linn.
An Ghaeilge
An rud is tábhachtaí ar cheart bheith ar eolas agat faoin ngnó seo ná go bhfuil an Ghaeilge mar dhlúth agus mar inneach an ghnólachta. Is as an nGaeilge a fháisctear Buachaill. Mura bhfuil tú in ann nó mura bhfuil sásta gnó a dhéanamh i nGaeilge ba cheart duit éirí as anois díreach agus téigh sa tóir ar chuideachtaí eile chun obair a dhéanamh leo.
Cuirfear fáilte is fiche roimh aon chuideachta a sheolann teachtaireacht ríomhphoist chugainn i nGaeilge. Má tá do chuideachta lonnaithe in Éirinn, ba cheart go mbeadh duine ag obair duit nó leat atá in ann obair a dhéanamh i nGaeilge. Mura bhfuil, tá rud éigin bun os cionn. Níl na daoine cearta sa chuideachta. Is fiú go mór an fhadhb sin a cheartú. Mol don fhoireann atá ag obair leat freastal ar ranganna Gaeilge chun a gcuid Ghaeilge a fheabhsú.
Tar éis duit an fhaisnéis ríthábhachtach sin a léamh, má léann tú an chuid eile den leathanach seo, tá tú ag gealladh go bhfuil tú chun gnó a dhéanamh linn i nGaeilge.
Bí soiléir faoin rud atá á thairiscint agat
Ba cheart go mbeadh tú soiléir faoi cad é is mian leat a thairiscint do Bhuachaill. Mínigh go beacht céard an táirge nó an tseirbhís atá ar intinn agat a thairiscint.
Cuir uait an cacamas
Caithfear le haon mhaímh atá doiléir a dhéanann cuideachta atá ag iarraidh obair le Buachaill mar raiméis agus ní éireoidh leat áitiú orainn obair linn. Má tú chun moladh gnó a dhéanamh dúinn, ba cheart duit a bheith ríshoiléir conas atá tú chun ainm Bhuachaill a bheith i mbéal an phobail agus conas atá tú chun díolacháin a mhéadú.
Nuair atá cur i láthair nó moladh á dhéanamh agat, ba cheart go mbeadh sonraí SIIRT ann. Is ionann sin agus:
-
sonrach
-
intomhaiste
-
indéanta
-
réalaíoch
-
sonrach ó thaobh achar ama de.
Ní mór duit bheith in ann rud éigin a thairiscint atá sonrach i dtaobh céard é atá tú chun a chur ar fáil mar sheirbhís nó líon na dtáirgí atá tú chun a thairiscint. Ní mór dó bheith intomhaiste mar sin má chuireann tú in iúl go bhfuil tú chun obair faoi leith a dhéanamh ar feadh tréimhse seachtainí agus míonna, caithfear toradh nithiúil a bheith bainte amach ag deireadh na tréimhse sin. Is féidir freisin líon na ndíolachán agus an fáltas a thuilleadh ó na díolacháin a thomhais freisin. Ní mór do pé rud atá á thairiscint agat bheith indéanta agus réalaíoch. Ar deireadh, níor cheart go dtógfadh an rud atá beartaithe agat mórán ama chun é a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh an méadú i ndíolacháin le feiceáil go tapa. Is éard is brí leis sin ná go mbeadh méadú ar na díolacháin laistigh de mhí amháin. Murab amhlaidh, níl an cur chuige agat fiúntach.
Ba cheart tabhairt do d’aire gur ghnólacht nuathionscanta é seo agus dá bharr sin, níl a lán airgid ann le caitheamh ar rudaí fánacha. Ní mór dúinn an toradh agus tairbhe is fearr a fháil ónar gcaiteachas – gach uile uair. Mar sin, ná bí ag súil le conarthaí móra uainn.
Is iad díolacháin an t-aon rud atá tábhachtach
Tá an iomarca daoine ann a mhaíonn go bhfuil siad in ann cuidiú le gnólacht ach tá ciall cheannaithe againn nach bhfuil sé sin fíor. Ba cheart go mbeadh do mholadh gnó le Buachaill ríshoiléir faoin gcaoi a bhfuil sé chun borradh a chur faoi líon na bhfobhrístí a dhíoltar – go tapa.
Is cuma faoi aon ní eile.
Agus an méid sin uile léite agat, ba cheart go mbeadh sé soiléir cén cineál caoi ar mhaith le Buachaill obair i gcomhar le cuideachtaí eile.