

Buachaill na Nollag - fobhrístí greannmhara don Nollaig
Tá teachtaireacht ghreannmhar clóite ar na fobhrístí Nollag seo. Is éard atá orthu ná "Who's your Daidí na Nollag?" mar aon le Daidí na Nollag spraoiúil.
Bainfidh an teachtaireacht ghreannmhar sin gáire as cách! (Bí cinnte "Who's your Daidí na Nollag?" á rá go réidh mall i nglór domhain).
Is féirín Nollag den scoth é i gcomhair stócach, fear chéile, deartháir, comhghleacaí, cara, agus araile.
Tá na fobhrístí seo déanta de chadás (95%) agus laisteán (5%).
Tá siad le fáil sna méideanna seo: Beag, Meánach, Mór, agus Ollmhór.
Seo a leanas na toisí timpeall na coime.
S | M | L | XL |
82cm / 32or | 87cm / 34or | 92cm / 36or | 97cm / 38or |

